Chaith sé cúpla mí i gCaisleán na Finne in 1945, an bhliain a shocair an cogadh agus tháinig sé ar ais na bhaile. Bhí sé ag obair lena athair sa bhaile go raibh sé 18 bliana d’aois. Bhí daoine ag tabhairt leas ón fharraige agus a chur ar an talamh ach ní raibh Cormac agus a athair. Thriomaigh siad leathach ach dhíol siad é. Cuntas ar shábháil agus ar thriomadh leas farraige / leathaigh (leathach) le spréadh ar an talamh, ar chál agus ar thornapaí mar shampla. Bhí sé maith ag an bharr ach san am chéanna bhí sé géar ar an talamh. Bhí an chuid is mó den talamh oibrithe san am sin, ní raibh moll mór eallaigh ag duine ar bith. Bhíodh buachailleacht le déanamh ar an eallach le cinntiú nach raibh siad istigh sa bharr. Bhí beithíoch ag Cormac agus a athair leis an talamh a threabhadh ach do dhaoine nach raibh ainmhí ar bith acu, bhí an talamh le rómhair agus iomairí le déanamh. Bhí conlaigh le déanamh ar dtús le spád, cur síos ar seo.
Fad: 00:05:39 Éist
In 1949 d’fhág sé sin i ndiaidh trí mhí agus thosaigh sé ag feirmeoireacht in Berwickshire ar £5 sa tseachtain. Ag toghadh phreátaí is mó a bhí sé.
Fad: 00:02:02 Éist
Bhog sé go Falkirk ansin ag scaglann ola (Oil Refinery). Bhí obair deireadh seachtaine ansin agus bhí siad ag stopadh i dteach lóistín agus bhí léir de mhuintir na háite sa bhaile ag stopadh ansin. Ní raibh mórán spáis acu. Bhí bar ansin “An Celtic Bar” agus théadh siad ansin ag an deireadh seachtaine, ní bhíodh na tithe leanna oscailte go dtí an 9 a chlog san oíche. Bhí dúil aige in Falkirk.
Fad: 00:05:08 Éist
Nuair a d’imigh sé go Sasana ag obair, chuala siad go raibh tollán mór darbh ainm Dunford Bridge a dhéanamh in Manchain. Bhí trioblóid acu na Sasanaigh a thuigbhéal. Ag tógáil droichead ráilleach (railway bridge) a bhí siad. Cuntas ar seo. Casadh daoine orthu as Tuaisceart na hAlban agus iad ag caint Gaeilge na hAlban ach shíl Cormac gur Polannaigh a bhí iontu, níor thuig sé focal uathu.
Bhí contúirt mhór san obair sin agus gortaíodh go leor fir ann. Cur síos ar an obair a bhí siad ag déanamh istigh sa tollán é féin.
Bhí sé ag obair ar dhá thaobh an tolláin, bhí an tollán thart ar 3 mhíle ar fhad. Measann sé go bhfuil an tollán sin druidte anois.
Fad: 00:11:45 Éist
Chuaigh sé go Londain i ndiaidh sin, bhí sé in Isle of Grain taobh amuigh de Chatham. Scaglann ola a bhí sé ag obair air ansin fosta. Bhí scaiftí as Gaoth Dobhair agus Cloch Cheann Fhaola ansin fosta. Théadh siad isteach go Chatham ansin corr uair ag an deireadh seachtaine. Bhí stailc acu am amháin ar feadh 10 lá, ar shon coinníollacha níos fearr. Ní raibh go leor ama acu le tae a ghlacadh agus cúpla rud eile ach níor bhfuair siad rud ar bith, thug an sagart comhairle orthu ag an Aifreann a dhul ar ais. Chuaigh siad ar ais agus tar éis do seachtain oibre a dhéanamh, d’fhág Cormac agus d’imigh sé na Breataine Bige.
Bhí Cormac ar shiúl as nuair a thosaigh troid iontach ann.
Fad: 00:06:37 Éist
Thosaigh sé ag obair sa Bhreatain Beag ansin, go Cardiff a chuaigh siad. Fuair siad obair reservoir ansin, ag déanamh balla trasna leis an uisce a stopadh. Bhí dúil aige ag bogadh thart ó áit go háit.
Fad: 00:03:15 Éist
Phill sé as Albain agus chuaigh sé go Baile Átha Cliath, bhí sé fá choinne a dhul go Sasana ach níor éirí le sin, chaith sé a chuid airgid ar na beithígh agus ní raibh sé ábalta imeacht. In 1970 a bhí sin. B’éigean do fanacht i mBaile Átha Cliath agus obair a fháil. Bhí siad ag tanú cáil. Ina dhiaidh sin bhí sé ag obair thógála, 14 scilling a bhí sé ag fáil. Bhí sé ansin go Nollaig. Bogadh ansin go scéim tithíocht é ach ní raibh sin go maith. Bhí dúil aige i mBaile Átha Cliath. Bhíodh siad ag stopadh i mbrúnna, scilling san oíche a chosain sin. Ansin bhí sé ag obair thíos ag na céanna ag tógáil oifigí.
Fad: 00:08:03 Éist